DÁNA: Sraith Seimineár Ar Léann na Collaíochta agus na Gnéasúlachta sa Ghaeilge – An Chéad Lá

Tá Bród ar siúl i mí an Mheithimh; mí dhlúthpháirtíochta, thacaíochta, agóide agus cheiliúrtha a reáchtálann an pobal LADTA+ agus a chomhghuaillithe don phobal LADTA+ Den chéad uair, reáchtálfaidh Fiontar agus Scoil na Gaeilge, DCU, imeacht dhá lá as Gaeilge, dar teideal Dána, le scrúdú a dhéanamh ar an ngnéasúlacht agus ar an gcollaíocht i léann na Gaeilge mar chuid d’Fhéile LADTA+ Bhróid Bhaile Átha Cliath 2021. Is é seo an chéad imeacht i sraith seimineár dhá chuid, a bheidh ar siúl ar an 18 Meitheamh ó 4i.n. go dtí 6i.n. Beidh an dara himeacht ar siúl ar an 25 Meitheamh agus tá tuilleadh eolais ar fáil anseo.

Cláraigh anois le páirt a ghlacadh sa chéad trí rphost a chur chuig an Dr Seán Mac Risteaird (sean.macristeaird@dcu.ie)

Seo thíos an clár don 18 Meitheamh 2021:

Cláraigh: sean.macristeaird@dcu.ie                         Am: 4PM-6PM

Twitter: @FiontarGaeilge                                         Ríomhphost: sean.macristeaird@dcu.ie

 

An Dr Seán Mac Risteaird (DCU): Fáilte isteach

Stiofán Ó Briain (UCD): ‘Gan sac, gan mac, gan muirín’: Géarchéim Fireannachta agus Ídiú an Laochais in ‘Beirt Eile’ le Máirtín Ó Cadhain.

An Dr Caitlín Nic Íomhair (Ollscoil Mhá Nuad): Liútarléatar Leathair’: Eiseamláir an Nádúir i nDánta Collaí Bhiddy Jenkinson.

Aoiléacht: An tOll. Barry McCrea (Notre Dame): ‘Im’ Lampa Lasta’ – Oilithreach Aerach i Litríocht na Gaeilge.

Cathaoirleach: An Dr Amy Mitchell

The event is finished.

Date

Jun 18 2021
Expired!

Time

4:00 pm - 6:00 pm

Cost

Free

More Info

Read More

Location

Online
Dublin City University

Organizer

Dublin City University
Phone
+353 (1) 700 5000
Website
http://dcu.ie
REGISTER
0 replies

Leave a Reply

Want to join the discussion?
Feel free to contribute!

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *